Nuair a d’fhág sé an chéard scoil chuaigh sé ag cuidiú lena athair an siopa a reáchtáil. Tá cuntas sármhaith ag Pádraig anseo ar na blianta sin agus ar na hábhair a dhíol siad sa tsiopa. Cuntas maith ar ghanntannas mór ar earraí i rith an chogaidh mór. Thosaigh siad ag díol peitreal, ag cóiriú agus ag díol róthair agus ag cóiriú úim beithígh. Tá cuimhne iontach ag Pádraig agus is cuimhin leis an luach a bhí ar go leor earraí. Dhíol siad leas talamh, gual, adhmad agus gach uile shórt earraí. Is cuimhin leis lucht Fhanáide ag teacht trasna an Mhual Ruaidh i gcuraigh agus ag siopadóireacht ina shiopa. Tá an siopa ag a mhac anois. | 00:14:20 | |